settings icon
share icon
Ceist

An é Íosa Dia? Ar dúirt Íosa riamh go bhfuil sé Dia?

Freagra


Níl taifeadadh ann sa Bhíobla de Íosa agus é á rá na bhfocail “Is mise Dia”. Ach ní chiallaíonn sé sin nár dúirt sé go bhfuil sé Dia. Tóg mar shampla focail Íosa in Eoin 10:30, “Is aon mise agus an t-Athair.” Ar an gcéad amhairc ní fhéachainn sé ar nós go bhfuil sé Dia. Ach féach ar frithfhreagra na Giúdaigh mar gheall ar an ráiteas sin, “Ní mar gheall ar obair fhónta atáimid ag gabháil de chlocha ionat, ach mar gheall ar dhiamhasla, agus go ndéanann tú Dia díot féin agus gan ionat ach duine” (Eoin 10:33). Cheap na Giúdaigh ó ráiteas Íosa go raibh sé ag rá go bhfuil sé Dia. Ins na véarsaí a leanas ní cheartaíonn Íosa na Giúdaigh trí “Ní dúirt mé go bhfuil mé Dia” a rá. Léiríonn sé sin go raibh dia ag rá go bhfuil sé Dia nuair a dúirt sé, “Is aon mise agus an t-Athair” (Eoin 10:30).Is sampla eile é Eoin 8:58. Deir Íosa, "Amen, Amen, a deirim libh, sula raibh Abrahám ann, táimse ann. Mar sin, thóg siad suas clocha le caitheamh leis, ach d’fholaigh Íosa é féin agus d’imigh amach as an Teampall (Eoin 8:59). Cén fáth a chaitheadh na Giúdaigh clocha ag Íosa mura ndúirt sé rud ar chreideadar a raibh, mar ag rá go bhfuil sé Dia.

Deir Eoin 1:1 “ba Dhia an Briathar.” Deir Eoin 1:14 “agus rinneadh feoil den Bhriathar.” Léiríonn sé seo go soiléir gurbh é Íosa Dia i bhfeoil. Deireann Gníomhartha na nAspal 20:28 linn, "...bheith bhur n-aoirí ar an Eaglais a cheannaigh sé dó féin lena chuid fola." Cé a cheannaigh an Eaglais lena chuid fola? Íosa Críost. Deireann Gníomhartha na nAspal 20:28 gur cheannaigh Dia an Eaglais lena chuid fola fhéin. Mar sin is é Íosa Dia!

Dúirt Tomás an deisceabal faoi Íosa, “Tiarna agus mo Dhia” (Eoin 20:28). Ní cheartaíonn Íosa é. Molann Títeas 2:13 dúinn fanacht ar teacht ár nDia agus ár Slánaitheoir Íosa Críost (Féach go 2 Peter 1:1 freisin). Ins na hEabhraigh 1:8, deireann an athair faoi Íosa "Ach is é a deir sé i dtaobh an Mac ná, "Beidh do ríchathaoir ann, a dhia, choíche is go deo."

I an taispeáint a fuair Eoin treoraigh aingeal don aspal Eoin chun Dia amháin a onórú (An Taispeáint a fuair Eoin 19:10). Faigheann Dia onórú go minic i scrioptúr(Matha 2:11; 14:33; 28:9,17; Lúcás 24:52; Eoin 9:38). Ní dhéanann sé daoine a cháineadh mar gheall ar é a onórú. Más rud é nach raibh sé Dia deireadh sé le daoine gan é a onórú mar a rinne an aingeal i An Taispeáint a fuair Eoin. Tá an chuid véarsaí agus pasáistí i scrioptúr chun tacaíocht a thabhairt don argóint go bhfuil Íosa Dia.

An fáth is tábhachtaí go gcaithfidh go bhfuil Íosa Dia ná más rud é nach bhfuil sé ní bheadh a bhás maith go leor chun an pionós a íoc do pheacaí gach duine ar domhan (1 Eoin 2:2). Ní bheadh ach dia in ann pionós infinideach mar sin a íoc. Ní fhéadfadh ach le Dia peacaí an domhain a thógáil (2 Corinthians 5:21), fáil bás, agus aiséirigh ag fíorú a bhua thar pheacaí agus bás.

English



Fill ar an leathanach baile

An é Íosa Dia? Ar dúirt Íosa riamh go bhfuil sé Dia?
© Copyright Got Questions Ministries