settings icon
share icon
Ceist

Táim tar éis mo chreideamh a chuir i nDia…ceard a déanaim anois?

Freagra


Comhghairdeas! Tá cinneadh déanta agat a bhféadfadh do shaol a athrú! B’fhéidir go bhfuil an cheist “Anois ceard a dhéanaim?” á chuir agat, conas a thosaím mo thuras le Dia?” Tabharfaidh na cúig chéimeanna thíos treoir duit ón mBíobla. Nuair a bhíonn ceisteanna agat ar do thuras, le do thoill tabhair cuairt ar https://www.gotquestions.org/Gaeilge.

1. Déan cinnte go dtuigeann tú slánú.

Deireann 1 Eoin 5:13 linn, “Scríobh mé na nithe seo chugaibh go mbeadh fhios agaibh go bhfuil an bheatha shíoraí agaibhse a chreideann in ainm Mhic Dé”.” Tá Dia ag iarraidh go dtuigeann muid slánú. Tá Dia ag iarraidh go mbeadh muinín againn fhios cinnte a bheith againn go bhfuilimid slánaithe. Rachaimid go sciobtha thar pointí na slánaíochta:

(a) Tá peacaí déanta againn ar fad. Tá rudaí déanta againn ar fad nach ndéanann Dia sásta (Na Rómhánaigh 3:23).

(b) Mar pá ón bpeaca is ea an bás, ach tabhartas ó Dhia is ea an bheatha shíoraí in Íosa Críost ár dTiarna. (Na Rómhánaigh 6:23).

(c) Fuair Íosa Críost bás ar an gcros le n-íoc d’ár bpeacaí (Na Rómhánaigh 5:8; 2 Corantaigh 5:21). Fuair Íosa bás inár n-áit ag glacadh leis an bpionós a bhí tuillte againn. Fíoraigh a aiséirí go raibh a bhás maith go leor le n-íoc d’ár bpeacaí.

(d) Tugann Dia maithiúnas agus slánú do chuile dhuine a chuireann a gcreideamh in Íosa, agus iad a bheith muiníneach gur íoc a bhás d’ár bpeacaí. (Eoin 3:16; Na Rómhánaigh 5:1; Na Rómhánaigh 8:1).

Sin é teachtaireacht na slánaíochta! Más rud é gur chuir tú do chreideamh in Íosa Críost mar do shlánaitheoir slánófar thú! Tá do pheacaí ar fad maite agus gealann Dia gan thú a fhágáil nó thú a thréigeadh.(Na Rómhánaigh 8:38-39; Matha 28:20). Cuimhnigh go bhfuil do slánú sábháilte in Íosa Críost (Eoin 10:28-29). Má tá tú muiníneach in Íosa Críost amháin mar do shlánaitheoir is féidir leat muinín a bheith agat go bhfuil tú chun an síoraíocht a chaitheamh i dteannta Dia ins na bhflaithis!

2. Aimsigh eaglais mhaith a mhúintear an Bíobla.

Ná smaoinigh ar an t-eaglais mar fhoirgneamh. Is iad na daoine an séipéil. Tá sé rí-thábhachtach go mbíonn comhbhráithreachas idir na ndaoine a chreideann in Íosa Críost. Sin ceann dos na príomh-fheidhmeanna a bhfuil ag an tséipéil. Anois agus do mhuinín curtha agat in Íosa Críost molann muid go mór go n-aimsíonn tú séipéil a chreideann sa Bhíobla agus molann muid freisin go labhrófá le do thréadaí. Abair leis mar gheall ar do chreideamh nua in Íosa Críost.

An dara fheidhm atá ag an t-eaglais ná chun an Bíobla a múineadh. Is féidir leat foghlaim conas treoracha Dé a úsáid i do ghnáth-shaol. Tá sé fíor-thábhachtach tuiscint mhaith den Bíobla a bheith agat ionas go mbeifeá in ann saol ráithiúil, cumhachtach Críostaí a bheith agat. Deireann 2 Tiomóid 3:16-17, “Gach cuid den scrioptúr, tá tinfeadh Dé faoi agus tá tairbhe ann chun teagasc a thabhairt, chun earráidí a bhréagnú, chun daoine a cheartú agus iad a mhúineadh chun fíréantachta ar shlí go mbeadh óglach Dé lán oilte ar a cheird agus ullamh i gcomhair gach cineál deá-oibre.”

An tríú fheidhm atá ag an t-eaglais ná onórú. Is éard atá i gceist le honórú ná do bhuíochas a ghabháil le Dia do uile atá déanta aige! Táimid slánaithe ag Dia. Tá grá ag Dia dúinn.

Déanann sé rudaí a soláthair dúinn. Treoraíonn sé gach duine againn. Conas a bhféadfaimis gan buíochas a ghabháil dó? Tá Dia naofa, fíréanta, grámhar, trócaireach agus lán de grásta. Deireann an Taispeáint a Fuair Eoin 4:11, “A Thiarna agus a Dhia linn, is fiú thú glóir agus onóir agus cumhacht a fháil, óir is tú a chruthaigh an uile ní agus is trí do thoil a tháinig siad ann agus a cruthaíodh iad.”

3. Leag amach am áirithe gach lá chun díriú ar Dia.

Tá sé an-tábhachtach dúinn am a chaitheamh gach lá ag díriú ar Dia. Glaonn roinnt daoine “am ciúin” air seo. Glaonn daoine eile “caoindúthracht” air mar is é an t-am a thugaimid muid fhéin suas do Dhia. B’fhearr le roinnt daoine an t-am a leagadh amach ar maidin agus daoine eile um thráthnóna. Is Cuma ceard a glaonn tú ar an t-am seo agus cathain a bhfuil sé. An rud is tábhachtaí ná go gcaitheann tú am le Dia go rialta. Cén eachtraí a déanann suas ár gcuid ama le Dia?

(a) Guí. Ní bhíonn tú ach ag labhairt le Dia agus tú ag guí. Labhair le Dia mar gheall ar do chásanna agus do chuid fadhbanna. Cuir ceist ar Dia críonnacht agus treorú a thabhairt duit. Cuir ceist ar Dia an ndéanfaidh sé do chuid riachtanais a shásamh. Abair le Dia an méid grá a bhfuil agat dó agus go dtuigeann tú an méid a dhéanann sé duit.

(b) Ag léamh an Bhíobla. Chomh maith le múineadh an Bhíobla san eaglais, scoil Domhnaigh agus/nó staidéar an Bhíobla caithfidh tú an Bíobla a léamh duit féin. Taobh istigh den Bíobla tá gach rud atá uait le saol ráithiúil Chríostaí a bheith agat. Tá treoir Dé ann faoi conas cinntí gaoiseacha a dhéanamh, conas toil Dé a bhith ar eolas agat, conas ministreacht a dhéanamh do dhaoine eile, conas eirí aníos spioradálta a dhéanamh. Is é an Bíobla focal Dé dúinne. Is leabhar treoracha Dé é an Bíobla le treoracha faoi conas ár saolta a chaitheamh i mbealach a ndéanfaidh Dia a shásamh agus a ndéanann muid a shásamh ag an t-am céanna.

4. Tosaigh gaolta le daoine arbh fhéidir leo cabhair spioradálta a thabhairt duit.

Deireann 1 Corantaigh 15:33 linn, “Ná bíodh aon dul amú oraibh: ‘Milleann droch-chomhluadar deá-bhéasa.’” Tá an Bíobla lán de rabhaidh faoin tionchar a féidir le “droch-dhaoine” a bheith acu orainn. Má chaitheann muid am le daoine a ndéanann rudaí peacúil beimid meallta ag na rudaí sin freisin. Beidh tionchar orainn ó thréithe phearsanta na ndaoine a mbíonn inár gcomhluadar. Sin í an fáth atá sé tábhachtach go mbeadh daoine eile a bhfuil grá acu do Dia agus a bhfuil dílis dó timpeall orainn.

Déan iarracht cara nó dhó a aimsiú, b’fhéidir ó do eaglais fhéin arbh fhéidir leo thú a spreagadh (Na hEabhraigh 3:13; 10:24). Cuir ceist ar do chairde freagraí a chuir ort maidir le do am ciúin, do gníomhaíochtaí, agus do siúlóid le Dia. Cuir ceist an féidir leat an rud céanna a dhéanamh dóibh. Ní ciallaíonn sé sin go gcaithfidh tú do chairde ar fad a thabhairt suas mura bhfuil an Tiarna Íosa Críost acu mar a slánaitheoir. Lean ort ag tabhairt grá dóibh agus lean le do cairdeas leo. Ach abair leo gur aithrígh Íosa do saol agus nach féidir leat na rudaí ar fad a rinne tú cheanna a dhéanamh a thuille. Cuir ceist ar Dia deiseanna a thabhairt duit Íosa a roinnt le do chairde.

5. Bíodh am baisteadh agat.

Tá míthuiscint ag an-chuid daoine mar gheall ar baiste. An brí atá ag an bhfocal “baist” ná a bheith tumtha in uisce. Is é an baiste an bealach bíobalta do creideamh nua i gCríost agus do dílseacht dó a fhógairt go poiblí. Agus tú a bheith tumtha faoin t-uisce léiríonn sé sin tú fhéin a bheith curtha i dtalamh le Críost. Agus tú ag teacht amach ón t-uisce léirítear aiséirí Críost. Agus tú a bheith baiste ionannaíonn tú le bás, cur, agus aiséirí Dé. (Na Rómhánaigh 6:3-4).

Ní hé an baiste do slánaitheoir. Ní ghlanann an baiste do pheacaí. Is éard atá i gceist leis an mbaiste ná céim na humhlaíochta, fógairt phoiblí mar gheall ar do chreideamh i gCríost amháin ar son slánú. Tá an baiste tábhachtach mar is céim na humhlaíochta atá ann-ag déanamh fógairt phoiblí mar gheall ar do dílseacht chuige. Má tá tú ré don bhaiste ba cheart duit labhairt le do tréadaí.

English



Fill ar an leathanach baile

Táim tar éis mo chreideamh a chuir i nDia…ceard a déanaim anois?
© Copyright Got Questions Ministries