settings icon
share icon
Ceist

An bhfuil maithiúnas agat? Conas ar féidir liom maithiúnas a fhál ó Dhia?

Freagra


Deireann Gníomhartha na nAspal 13:38, “Bíodh fhios agaibh, dá bhrí sin, a bhráithre, gurb é maithiúnas na bpeacaí trídsean a fhógraítear daoibh.”

Ceard é maithiúnas agus cén fáth go bhfuil sé ag teastáil uaim?

Is éard is brí leis an bhfocal “maitheamh” ná chun an clár a ghlanadh, chun pardún a thabhairt, chun fiachadh a chealú. Nuair a ndéanann muid rud éigin mícheart i gcoinne duine eile bíonn muid ag lorg a maithiúnas chun go mbeadh an caidreamh mar an gcéanna arís. Ní thugtar maithiúnas mar go bhfuil sé tuillte ag duine. Níl sé tuillte ag duine ar bith maithiúnas a fháil. Déantar maithiúnas a thabhairt do dhuine mar gheall ar grá, trócaire, agus grásta. Is cinneadh é an maithiúnas chun dearmad a dhéanamh ar ceard a rinne duine eile duit gan smaoineamh ar ceard a rinne siad duit.

Deireann an Bíobla linn go bhfuíll maithiúnas ó Dhia ag teastáil uainn ar fad. Tá peacaí déanta againn ar fad. Deir Ecclesiastes 7:20, “Ar an taobh eile de níl duine ar domhan chomh fíréanta sin go ndéanann sé an mhaith i gcónaí agus nach ndéanann sé peaca i gcónaí.” Deir 1 Eoin 1:8, “Má deirimid nach bhfuil aon pheaca orainn meallaimid sinn féin agus níl an fhírinne ionainn.” Tá gach pheaca ar deiridh i gcoinne Dia(Salm 51:4). Mar thoradh tá maithiúnas Dé ag teastáil go géar uainn. Mura mbíonn ár bpeacaí maite caithfimid síoraíocht ag fulaingt mar thoradh ar ár bpeacaí (Matha 25:46; Eoin 3:36).

Maithiúnas – Conas a fhaighim é?

Buíochas le Dé go bhfuil Dia grámhar agus trócaireach, réidh le maithiúnas a thabhairt dúinn dár bpeacaí! Deireann 2 Peadar 3:9 linn, “…ach tá sé foighneach libh mar nach mian leis go gcaillfí aon dream ach go dtiocfadh cách chun aithrí.” Mar go dteastaíonn uaidh maithiúnas a thabhairt dúinn soláthar sé do ár maithiúnas.

An t-aon phionós ceart d’ár bpeacaí ná an bás. Deireann an chéad leath de Na Rómhánaigh 6:23, “Mar pá ón bpeaca is ea an bás…” Tá an bás síoraí tuillte againn d’ár bpeacaí. Agus d’aithrígh Dia ina dhuine-Íosa Críost, mar chuid dá phlean foirfe. (Eoin 1:1,14). Cailleadh Íosa ar an gcros, ag glacadh lenár bpionós-an bás. Léiríonn 2 Corantaigh 5:21 dúinn , “Mar an té úd nárbh eol dó an peaca, rinne Dia peaca de ar mhaithe linne, d’fhonn go ndéanfaí dínne fíréantacht Dé ann Cailleadh Íosa ar an gcros, ag glacadh lenár bpionós! Mar Dhia, soláthar báis Íosa maithiúnas do pheacaí an domhan ar fad. Deireann 1 Eoin 2:2, “Is é an íobairt sásaimh ar ár bpeacaí é, agus ní ar ár bpeacaíne amháin ach ar pheacaí an tsaoil uile.” D’aiséirigh sé ón mbáis ag léiriú a bhua thar peacaí agus an bás. (1 Corantaigh 15:1-28). Mol Dia trí bháis agus trí aiséirí Íosa Críost, an dara leath de Na Rómhánaigh 6:23 is true, “…ach tabhartas ó Dhia is ea an bheatha shíoraí in Íosa Críost ár dTiarna.”

An bhfuil tú ag iarraidh go mbeadh do pheacaí maite? An mothaíonn tó ciontach faoi rudaí agus níl an an mothúchán sin ag imeacht uait? Tá maithiúnas ann duit chun do pheacaí a ghlanadh má chuireann tú do chreideamh in Íosa Críost mar do shlánaitheoir. Deir Eifeasaigh 1:7 , “Is sa mhac sin , as ucht a chuid fola, atá ár bhfuascailt faighte againne, maithiúnas ár gcionta.” D’íoc Íosa ár bhfiacha dúinn ionas go mbeimid maite. An t-aon rud a bhfuil ort déanamh ná ceist a chuir ar Dhia maithiúnas a thabhairt duit tríd Íosa agus creid go bhfuair Íosa bás le n-íoc le haghaidh do mhaithiúnas agus tabharfar maithiúnas duit! In Eoin 3:16-17 tá an teachtaireacht iontach seo , “Óir ghráigh dia an domhan chomh mór sin gur thug sé a Aonghin Mic uaidh i dtreo, gach duine a chreideann ann, nach gcaillfí é ach go mbeadh an bheatha shíoraí aige. Óir ní chun daorbhreith a thabhairt ar an saol a chuir dia a Mhac uaidh ar an saol ach chun go slánófar an saol tríd.”

Maithiúnas – an bhfuil sé chomh héasca sin?

Sea! Tá sé chomh héasca sin! Ní féidir leat maithiúnas a thuilleamh ó Dhia. Ní féidir leat íoc le haghaidh maithiúnas ó Dhia. Is féidir leat é a fháil trí chreideamh amháin, trí ghrásta agus trócaireMás mian leat glacadh le Dia mar do shlánaitheoir seo paidir samplach. Cuimhnigh, ní slánóidh an phaidir seo thú, nó aon phaidir eile. An t-aon rud a féidir thú a slánú ó peacaí ná muinín a bheith agat i nDia. Is bealach é an phaidir seo chun a léiriú do Dhia do mhuinín ann agus do chreideamh ann a léiriú agus do bhuíochais a ghabháil leis toisc gur slánaigh sé thú. " A Dhia, tuigim gur pheacaigh mé I do choinne agus tá pionós tuilte agam. Ach thóg Íosa Críost an pionós atá tuilte agam ionas go mbeadh mé in ann maithiúnas a fháil trí chreideamh. Cuirim mo mhuinín ionat do slánú. Go raibh maith agat as ucht do ghrásta iontach agus do mhaithiúnas an tíolacadh de bheatha síoraí! Amen!"

An bhfuil cinneadh déanta agat maidir le Chríost mar gheall ar rud ar bith a léigh tú anseo? Más ea le do thoill cliceáil ar an gcnapa thíos a deireann "Ghlac mé le Chríost inniu!"

English



Fill ar an leathanach baile

An bhfuil maithiúnas agat? Conas ar féidir liom maithiúnas a fhál ó Dhia?
© Copyright Got Questions Ministries