settings icon
share icon
Ceist

Ceard é plean an tslánaithe / bealach an tslánaithe?

Freagra


An bhfuil ocras ort? Ní ocras fisiceach ach an bhfuil ocras ort níos mó a dhéanamh as an tsaoil? An bhfuil rud éigin go domhain ionat nach féidir leat riamh a shásamh? Más ea, is é Íosa an freagra! Dúirt Íosa, "Mise arán na beatha, an té a thagann chugamsa ní bheidh ocras air choíche, agus an té a chreideann ionamsa ní bheidh tart air choíche" (Eoin 6:35).

An bhfuil tú measctha? Nach féidir leat conair nó fáth sa saol? An bhfuil sé ar nós gur mhúchadh na soilsí agus ní féidir leat an chnapa a aimsiú? Más ea, is é Íosa an freagra! Dúirt Íosa, "Is mise solas an tsaoil. An té a leanfaidh mise, ní shiúlfaidh sé sa dorchacht ach beidh aige solas na beatha" (Eoin 8:12).

An mothaíonn tú riamh ar nós go bhfuil an saol faoi ghlas? Ar thriall tú an oiread sin doirse a bhfuil na rudaí taobh thiar dóibh lom folamh agus gan bhrí? An bhfuil tú ag lorg doras isteach? Más ea, is é Íosa an freagra! Dúirt Íosa, "Mise an doras. Más tríomsa a rachaidh duine isteach, slánófar é. Rachaidh sé isteach agus rachaidh sé amach agus gheobhaidh sé féarach" (Eoin 10:9).

An bhfuil daoine eile i gcónaí do do ligeann síos? An raibh do gaolta folamh agus éadomhain? An mothaíonn sé ar nós go bhfuil gach dúinne ag iarraidh leas a bhaint asat Más ea, is é Íosa an freagra! Dúirt Íosa, " Mise an sáraoire, tugann an sáraoire a bheatha ar son a chaorach... Mise an sáraoire agus aithním mo chuid féin agus aithníonn mo chuid féin mé" (Eoin 10:11, 14).

An smaoiníonn tú faoi ceard a tharlaíonn i ndiaidh an tsaoil? An bhfuil tú tuirseach do saol a chaitheamh do rudaí a théann lofa agus a mheirgíonn? An gceapann tú uaireanta nach bhfuil brí ar bith leis an saol? An bhfuil tú ag iarraidh maireachtáil i ndiaidh do bháis? Más ea, is é Íosa an freagra! Dúirt Íosa, "Is mise an t-aiséirí agus an bheatha; an té a chreideann ionamsa, fiú amháin má fhaigheann sé bás, mairfidh sé, agus gach duine a mhaireann is a chreideann ionamsa, ní bhfaighidh sé bás choíche" (Eoin 11:25-26).

Ceard é an bhealach? Ceard é an fhírinne? Ceard é an saol? D’fhreagair Íosa , "Is mise an tslí, an fhírinne agus an bheatha. Ní thagann aon duine go dtí an tAthair ach tríomsa." (Eoin 14:6).

An t-ocrais a mhothaíonn tú, is ocras spioradálta é agus ní féidir é a shásamh ach le hÍosa. Is é Íosa an t-aon duine gur féidir leo an dorchadais a ardú. Is é Íosa an doras go saol sásúil. Is é Íosa an cara agus an t-aoire a raibh tú ag lorg. Is é Íosa an saol sa domhan seo agus an chéad domhan eile. Is é Íosa bealach an tslánaithe!

An fátha a bhfuil ocras ort, an fáth a bhfuil tú caillte sa dorchadais agus an fáth nach féidir leat teacht ar brí sa saol ná gur scar tú ó Dhia. Deireann an Bíobla gur pheacaí muid ar fad agus mar gheall ar sin scar muid ó Dhia. (Ecclesiastes 7:20; Na Rómhánaigh 3:23). An rud a mhothaíonn tú in easnamh ó do chroí ná Dia in easnamh ó do saol. Cruthaíodh muid le gaol a bheith againn le Dia. De bharr ár bpeacaí táimid scartha ón gaol sin. Níos measa fós, mar gheall ar ár bpeacaí beimid scartha ó Dhia don tsíoraíocht sa saol seo agus sa chéad ceann eile. ( Na Rómhánaigh 6:23; Eoin 3:36).

Conas ar féidir an fhadhb seo a réiteach? Is é Íosa an bhealach! Ghlac Íosa ár bpeacaí air fhéin (2 Na Corantaigh 5:21). Fuair Íosa bás inár n-áit (Na Rómhánaigh 5:8), ag glacadh leis an bpionós a thuileamar. Trí lá ina dhiaidh sin, d’aiséirigh sé ón mbáis chun a bhua thar an mbáis agus an pheaca a fhíorú.(Na Rómhánaigh 6:4-5). Cén fáth a rinne sé é? D’fhreagair Íosa an cheist sin é féin, "Níl grá ag aon duine níos mó ná seo go dtabharfaidh duine a anam ar son a chairde" (Eoin 15:13). Fuair Íosa bás ionas go bhféadfadh muid a bheith beo. Má chuireann muid ár gcreideamh in Íosa agus muinín againn ina bhás mar íocaíocht d’ár bpeacaí – tá ár bpeacaí ar fad maite agús glanta. Beidh ár n-ocrais spioradálta sásaithe ansin Lasfar na soilsí. Beidh muid in ann saol rathúil a bheith againn. Beidh aithne againn ar ár fíor-chara is fearr agus an sáraoire. Beidh fhios againn go mbeidh saol againn i ndiaidh dúinn bás a fháil- saol aiséirithe ins na bhflaithis le hÍosa ar feadh na síoraíochta.

"Óir ghráigh Dia an domhan chomh mór sin gur thug sé a Aonghin Mic uaidh i dtreo, gach duine a chreideann ann, nach gcaillfí é ach go mbeadh an bheatha shíoraí aige" (Eoinn 3:16).

An bhfuil cinneadh déanta agat maidir le Chríost mar gheall ar rud ar bith a léigh tú anseo? Más ea le do thoill cliceáil ar an gcnapa thíos a deireann "Ghlac mé le Chríost inniu!"

English



Fill ar an leathanach baile

Ceard é plean an tslánaithe / bealach an tslánaithe?
© Copyright Got Questions Ministries